Fáilte!
Cabhraigh linn cruth a chur ar Phlean Ceantair Áitiúil Chluain Dolcáin
Is treoirphleananna iad na Pleananna Ceantair Áitiúla don treo ina mbeidh ceantair áitiúla ag dul thar saolré an phlean – (6 bliana, agus is féidir é sin a shíneadh go dtí 10 mbliana. Ba mhaith linn cloisteáil uait ionas gur féidir linn fís inmharthana a chruthú le chéile do Chluain Dolcáin amach anseo, agus áit a chruthú atá sláintiúil, nasctha agus ina bhfuil rannpháirtíocht phobail ann.
Tá sé mar aidhm ag an suirbhé a leanas tuiscint a fháil ar na saincheisteanna atá tábhachtach duitse, don phobal áitiúíl agus do pháirtithe leasmhara, agus plé a spreagadh ag ceardlanna a reáchtálfar i mBealtaine 2023.
Tógfaidh an suirbhé thart ar 5 nóiméad chun é a chomhlánú. Is é an dáta deiridh chun freagairtí a bheith istigh ná Dé Céadaoin 10 Bealtaine, 2023 ag 5pm.