Cuidigh linn an Máistirphlean do Theach & Diméin Leamhcáin a Mhúnlú
Go raibh maith agat as am a ghlacadh chun do chuid smaointe faoi Theach agus Diméin Leamhcáin a chur in iúl.
Tá Máistirphlean á chruthú ag Comhairle Contae Átha Cliath Theas chun spás poiblí agus ionad cuairteoirí a dhéanamh den láithreán seo.
Is plean fadtéarmach é Máistirphlean a chuidíonn le treoir a thabhairt maidir leis an gcaoi a bhforbróidh áit amach anseo.
Ag tús an phróisis seo atáimid faoi láthair. Anois an t-am ceart mar sin ag muintir na háite chun na rudaí a theastaíonn uathu a chur in iúl.
I dtéarmaí pleanála, is ‘Limistéar Ardtaitneamhachtaí (HA-LV)’ é Teach agus Diméin Leamhcáin.
Ciallaíonn sé sin nach mór d’aon fhorbairt amach anseo an dá ghné seo a chosaint:
- Oidhreacht an tsuímh
- Áilleacht nádúrtha Ghleann na Life
Cuimhnigh ar na nithe sin nuair atá tú ag roinnt do chuid smaointe linn:
(Cliceáil gach ceann le leathnú)
Do Chuid Eolais
Cláraigh agus logáil isteach le bheith páirteach sa suirbhé
Iarrfaimid sonraí bunúsacha ort amhail d’aoisraon, inscne agus an ceantar ina bhfuil tú i do chónaithe. Cuidíonn sin linn a chinntiú go bhfuil an suirbhé ionadaíoch ar thuairimí grúpaí éagsúla i Leamhcáin agus timpeall air.
Fanfaidh do chuid freagraí anaithnid agus ní úsáidfear iad ach ar mhaithe leis an gcomhairliúchán seo.
Féach ar Ráiteas Príobháideachais Chomhairle Contae Átha Cliath Theas chun tuilleadh sonraí a fháil.
Níor chóir go nglacfadh sé níos faide ná 10 nóiméad ort an suirbhé seo a dhéanamh